
Féinmheastóireacht Scoile
Tugadh féinmheastóireacht scoile isteach go foirmiúil i gcóras scolaíochta na hÉireann sa bhliain 2012 mar phróiseas comhoibríoch, athmhachnamhach d’athbhreithniú inmheánach scoile, dírithe ar fheabhsúchán scoile. Déanann féinmheastóireacht scoile tuilleadh forbartha ar an bpróiseas um phleanáil forbartha scoile, agus díríonn sé go daingean ar theagasc agus foghlaim. Chuir Imlitir 0039/2012 dualgas ar gach scoil gabháil le próiseas na féinmheastóireachta scoile, agus leag sé amach an aidhm agus an bunús atá leis. In Imlitir 0039/2016 leagtar amach an chaoi inar chóir do scoileanna leanúint ar aghaidh le féinmheastóireacht scoile a chur i bhfeidhm.
Le féinmheastóireacht scoile bíonn fiosrú athmhachnamhach ann as a dtiocfaidh pleanáil gnímh d’fheabhsúchán atá á treorú ag fianaise a bhailítear laistigh den chomhthéacs uathúil atá ag gach scoil. Cuireann an próiseas ar chumas na scoileanna an fhianaise seo a úsáid chun spriocanna agus gníomhartha fiúntacha agus sainiúla d’fheabhsúchán a aithint a dhíríonn ar chleachtais teagaisc agus foghlama. Cuireann sé ar a gcumas pleananna feabhsúcháin a chruthú agus a chur i bhfeidhm, a ndul chun cinn a thomhas, agus a ngnóthachtálacha a aithint.